top of page
Bird Logo White-01.png

fáilte | croeso | welcome

Llŷn Iveragh Ecomuseums
Cardigan-©-Illustration-4.jpg

Cad is LIVE?

Is tionscadal comhoibritheach é LIVE idir eagrais pobail, ranna acadúla agus rialtais áitiúla in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Is é cuspóir LIVE ná pobail chois cósta a chumasú chun go mbeidh siad in ann bolscaireacht a dhéanamh ar a mbuanna nádúrtha agus cultúrtha, ag cruthú deiseanna timpeall ar an turasóireacht inmharthana, go háirithe lasmuigh de na príomh-shéasúir thurasóireachta. 

 

Bainfidh LIVE úsáid as múnla comhoibritheach margaíochta an éiceamhúsaeim chun réimse cumhachtach d'acmhainní digiteacha agus neamh-dhigiteacha don éiceathurasóireacht agus don turasóireacht oideachais a chruthú. Beidh na hacmhainní seo neartaithe ag eolas agus tuiscint faoi thimpeallachtaí áitiúla na leithinsí Llŷn i Gwynedd agus Uíbh Ráthaigh i gCiarraí.

 

Eagróidh an tionscadal seo ceardlanna, cláir oideachais agus seisiúin mhalartaithe eolais ar an dá leithinis chun grúpa d'ambasadóirí Éiceámhúsaeim gníomhacha agus eolaithe  saoránaigh a thógáil atá cumasach ó thaobh margaíochta digití agus a bheidh dlúthbhaint acu lena dtimpeallacht áitiúil.

 

Tá LIVE ag tógáil ar obair atá ar siúl cheana féin chun féiniúlacht láidir agus ómós áite a chruthú ar an dá leithinis. 

Roinn d'eachtra, eachtraígh do scéal.

Déan clibeáil orainn ar do thuras timpeall leithinsí Llŷn agus Uíbh Ráthaigh

Blag

Coimeád suas chun dáta leis na himeachtaí ar fad

bottom of page