top of page
partners-header.jpg

 Comhpháirtithe

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Is í Scoil Bitheolaíochta, Domhaneolaíochta agus Eolaíocht Timpeallachta COC atá i gceannas ar LIVE. Tugann COC saineolas i réimsí na n-eolaíochtaí timpeallachta, an chomhpháirteachais phoiblí agus an taighde chuig an tionscadal. Tá baint láidir leis an Ollscoil le hUíbh Ráthach cheana féin, baint atáthar ag súil a dhaingniú is a leathnú le cláir fhadtéarmacha timpeallachta. Tá COC i gceannas ar rialachas agus tuairisciú an tionscadail chomh maith.

Dr Pat Meere

Tá an Dr Meere ina cheann ar an Roinn Geolaíochta i COC. Tá sé mar chomh-cheannasaí ar an tionscadal. Tá dúspéis aige i ngeolaíocht struchtúrtha agus sa chomhpháirteachas poiblí maidir le gach gné den gheolaíocht. Tá staidéar déanta aige ar gheolaíocht na Scealg agus gnéithe tábhachtacha eile de thírdhreach Uíbh Ráthaigh.

Fidelma%20photo_edited.jpg

Dr Fidelma Butler

Tá an Dr Butler ina léachtóir sinsearach san éiceolaíocht ag COC. Tá sí mar chomh-cheannasaí ar an tionscadal. Bíonn baint lena cuid oibre le réimse ábhair éiceolaíochta, ó ithir go hialtóga. Tá suim láidir aici spéis an phobail a chothú timpeall ar thaighde agus i bhforbairt tionscadail eolaíocht saoránaigh. Tá sí i gceannas ar an bpacáiste maidir le hobair bhailithe eolais de chuid LIVE. 

Lucy Taylor

Is í Lucy bainisteoir tionscadail LIVE. Bunaithe in Éirinn, déanann sí bainistíocht ar gach cuid de riarachán an tionscadail, chomh maith le cur i bhfeidhm gníomhaíochtaí an tionscadail ar an dá leithinis. 

Profiles bw3.jpg

Orla Breslin

Is í Orla an comhordaitheoir d'oibriúcháin áitiúla ar leithinis Uíbh Ráthaigh. Le cúlra in ealaín, ceardaíocht agus na dáonnachtaí digiteacha, déanann Orla forbairt ar thionscnaimh timpeall ar chomhpháirteachas poiblí, rannpháirtíocht an phobail, agus teagmháil le páirtithe leasmhara i gCiarraí. Tá sí ag obair chun cinntiú go mbíonn an tionscadal á thiomáint ag pobail na leithinse agus go dtugann an tionscadal aird ar a riachtanais agus ionchur. 

Profiles bw8.jpg

Clodagh Cahill

Marketer Clodagh has recently returned to Valentia Island after time spent working and travelling abroad. With a background in PR and community engagement she is passionate about sustainable tourism and the Iveragh Peninsula.  She will be managing the marketing and public communications of the LIVE project in Kerry.

Clodagh pic_edited.jpg

Kerry County Council

Trína Oifig Turasóireachta, soláthróidh Comhairle Contae Chiarraí nasc leis na polasaithe turasóireachta, pobail agus inmharthanachta níos leithne ag leibhéal an chontae agus an leibhéal náisiúnta araon, chomh maith lena ngréasáin leathana turasóireachta. Déanfaidh siad bainistíocht ar fheachtais mhargaíochta comhoibritheacha bríomhara ar son an tionscadail agus leithinis Uíbh Ráthaigh agus cinnteoidh siad imharthanacht an líonra LIVE i ndiaidh tréimhse feidhmeach an tionscadail.

John Griffin.jpg

John Griffin

John is the Kerry County Tourism Officer and has a wealth of experience in developing successful tourism strategies. He brings his insights into local and national tourism trends and policies to the LIVE project.

South Kerry Development Partnership

Eagras forbartha pobal-bhunaithe í Pairtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas a oibríonn i gcúrsaí forbairt tuaithe ar bhealach comhoibritheach ón mbonn-aníos. Laistigh de LIVE, soláthraíonn siad nascanna láidre leis an bpobal agus le tionscnaimh forbairt pobail eile ar Uíbh Ráthach. Tá siad freagrach as cruthú na n-acmhainní digiteacha agus neamh-dhigiteacha don turasóireacht agus don oideachas a bheidh mar phríomh-thoradh follasach an tionscadail.

SeanDebutlear.jpg

Seán de Buitlear

Is é Seán an tOifigeach Forbartha agus Cumarsáide do Thionscadail  anAontas Eorpaigh le PFCT. Is é an príomh-nasc idir LIVE agus líonra níos leithne PFCT. Tugann sé leis a chuid taithí agus saineolais, ag cinntiú go mbainfear gach arbh fhéidir as tionscadail phobail agus tionscnaimh chumarsáide LIVE.

Ollscoil Bangor

Bhí Saotharlann Inmharthanachta Ollscoil Bangor ag obair leis na pairtnéirí Breatnacha chun comhfhorbairt a dhéanamh ar #Ecoamgueddfa, an chéad éiceamhúsaem sa Bhreatan Bheag agus, chomh fada agus is eol dúinn, an chéad éiceamhúsaem ar domhan atá bunaithe go príomha ar ábhar digiteach. Bhí an fhoireann i Bangor bainteach le forbairt tionscadal LIVE ó thús. Tá siad freagrach as cur i bhfeidhm téamaí tras-ghearracha an tionscadail chun cinntiú go mbainfear amach géilleagar glas, glan, rathúil fad is a léirítear meas ar dhaoine agus a gcultúir. Tá siad freagrach chomh maith as margaíocht an #Ecoamgueddfa agus straitéis chumarsáide an tionscadail.

Profiles bw10.jpg

Dr Einir Young 

Tá an Dr Young paiseanta ó thaobh an inmharthanachta agus beidh sí i gceannas ar an obair thras-ghearrach ag cur chun cinn agus ag buanú smaointeoireachta agus oibre inmharthana i rith an tionscadail. Beidh comh-oibriú, comhtháthú agus rannpháirtíocht lán-riachtanach chun cinntiú go gcaithfear le Pen Llŷn agus Uíbh Ráthach mar áit chónaithe ag daoine chomh maith le ceann scríbe do chuairteoirí. 

Gwenan Griffith.jpeg

Gwenan Griffith

Is í Gwenan an tOifigeach Pobail Dhigitigh le LIVE. Le cúlra in ealaín, forbairt phobail agus ionchuimsitheacht dhigiteach, tá sí i gceannas ar an bpacáiste oibre do scaipeadh agus for-rochtain, freagrach as forbairt branda Éiceamhúsaem LIVE agus as feachtais éifeachtacha margaíochta a sholáthar ar an Llŷn. Beidh sí ag obair go dlúth le pairtnéirí an Éiceamhúsaeim agus gnólachtaí máguaird chun cur chuige margaíochta comhtháite a bhunú is a bhuanú, agus déanfaidh sí traenáil sa mhargaíocht dhigiteach ar phairtnéirí an tionscadail. 

Dr Kate Waddington Kate specialises in the later Bronze Age and Iron Age settlement archaeology of northwest Wales and she is Senior Lecturer in Archaeology at the Bangor University. She is working closely with the LIVE team and the Ecomuseum partners in order to deliver a community engagement programme. This is facilitating a series of exhibitions, events and virtual tours exploring some of the spectacular later prehistoric archaeology of Pen Llyn, which includes recent research with Professor Raimund Karl and Katharina Möller on the hilltop enclosure of Meillionydd near Rhiw.

Kate and co at Porth y Swnt Tre'r Ceiri launch_edited.jpg

Katharina Möller  

Katharina is an archaeologist specializing in Iron Age archaeology and public participation. Originally from Germany, she came to Bangor in 2013 where she has been involved with the university’s Llŷn-based archaeology field school at the Bronze Age/Iron Age double ringwork enclosure Meillionydd. For LIVE she will develop resources and activities to promote the archaeological heritage of the Llŷn. 

Pic bio Katharina_edited.jpg

Gwynedd Council

Éascaíonn Roinn Timpeallachta de chuid Gwynedd Council comhoibriú ar scála an tírdhreacha ar leithinis  Llŷn agus déanann siad tionscadail a thugann buntáistí timpeallachta, pobail agus eacnamaíoch don gceantar a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. 

Profiles bw9.jpg

Arwel Jones 

Déanann Arwel comhordú ar thionscadal LIVE ar an Llŷn. Beidh sé ag obair le pairtnéirí, páirtithe leasmhara agus pobail chun na tionscnaimh éagsúla a eascróidh as tionscadail LIVE a chur i bhfeidhm. Cinnteoidh sé go mbaineann an ceantar leas iomlán as an tionscadal, ag forbairt agus ag roinnt nósanna dea-chleachtais a chuirfidh le daingniú todhchaí rathúil don gceantar agus a áitreabhaigh.  

National Trust

Is eagras carthannachta agus ballraíochta é an National Trust ar mhaithe caomhnú oidhreachta i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Tá níos mó ná 10 mbliana de thaithí ag craobh Eryri agus Llŷn den National Trust i bhforbairt tionscadal comhoibritheach a dhíríonn isteach ar an gcaomhnú agus ar eispéaras an chuairteora. Tá siad ina bpairtnéirí leis an  #Ecoamgueddfa ó bhunaíodh é sa bhliain 2014, le dhá cheann dá sheacht suíomh in úinéireacht an National Trust. Laistigh de LIVE, beidh siad freagrach as ceannasaíocht agus comh-fhorbairt an ábhar oideachais. 

Profiles bw11.jpg

Laura Hughes

Tá Laura Hughes ina Bainisteoir Oibriúcháin agus Eispéaras Cuairteora do Eryri agus Llŷn leis an National Trust. Le cúlra in éiceolaíocht, tá a fócas iompaithe go heagrú oibriúcháin éagsúla cuairteora, ina measc pointí rochtana is carrchlóis ghnóthacha cois cósta agus faoin tuath, ionad cuairteora nua, foirgnimh stairiúla agus gairdíní. 

Profiles bw12.jpg

Robert Parkinson

Is é Robert Parkinson an bainisteoir ar Chláreagrú agus Pairtnéireacht don National Trust ar leithinis  Llŷn. Le céim i dtíreolaíocht fhisiciúil agus taithí mar mhúinteoir bunscoile, a réimse saineolais ná forbairt deiseanna oideachais faoin aer le scoileanna áitiúla. Mar chuid de thionscadal LIVE, beidh sé ag cruthú tuilleadh deiseanna do scoileanna, cuairteoirí, grúpaí áitiúla agus oibrithe deonacha chun gur féidir leo dul i dtaithí ar, agus foghlaim faoi, an domhan nádúrtha, stair agus oidhreacht ar Llŷn.

Cnuasaitheoirí Eolais

Le linn tionscadal LIVE beidh foireann gheolaithe, éiceolaithe agus cumarsáidithe eolaíochta mar chuid d'fhoireann níos mó LIVE, agus iad ag díriú isteach ar ghnéithe de thimpeallachtaí nádúrtha leithinsí Llŷn agus Uíbh Ráthaigh. Glacfar cinní faoi fhócas a n-obair i gcomhairle le baill de gach pobail. Beidh seo mar bhonn ag príomh-thorthaí thionscadal LIVE, a bheidh ina n-acmhainní turasóireachta agus oideachais a tharraingeoidh aird áitreabhach agus cuairteoirí araon ar ghnéithe dá n-oidhreacht shaibhir nádúrtha.

Profiles bw4.jpg

Anna Collyer 

Rinne Anya staidéar ar Dhomhaneolaíocht ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá dúspéis aici i ngeolaíocht agus staidéir pailé-timpeallachta. Mar chuid de LIVE tá sí ag obair ar Dhairbhre, áit a bhfuil sí ag úsáid gheolaíochta agus geomoirfeolaíochta chun athchruthú a dhéanamh ar thimpeallachtaí agus ar thírdhreacha ón aimsir chaite, ón Tréimhse Dheavónach beagnach 400 milliún bliain ó shin, suas go dtí an Oighearaois Deireanach. 

Profiles bw6.jpg

Fiach Byrne 

Is céimí zó-eolaíochta é Fiach ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Bhí sé d'ádh air an deis a bheith aige staidéar a dhéanamh ar roinnt speiceas an-éagsúil óna chéile in Éirinn agus thar lear. Le LIVE, beidh sé ag déanamh staidéar ar iompar sealgaireacht Gheimhridh an Cháig Cosdeirg, ball d'fhine na bpréachán, agus samhaltú ar a dháiliúchán in Uíbh Ráthach. 

Soli Levi 

Is speisialtóir i gCórais Faisnéise Geografaí le Rannpháirtíocht Phoiblí (CFGRP) í Soli, ag cruthú léarscáíleanna de thuiscintí agus taithí daoine ar a dtaobh tíre. Ón nGréig ó dhúchas, tá sí ag cur fúithi i gCorcaigh le trí bhliana anuas. Is breá léi teangacha, tumadóireacht, bheith ag scríobh filíochta agus gach a bhaineann leis an dúlra.

Profiles%20bw2_edited.jpg

Ben Porter 

Is éiceolaí, grianghrafadóir dúlra, agus taighdeoir eolaíochta é Ben ó oileán beag, sceirdiúil amach ó leithinis Llŷn i dTuaisceart na Breataine Bige. Ar a chompórd amuigh faoin aer, tá spéis ar leith ag Ben in éanlaithe agus tionscadail a bhíonn ag iarraidh ár dtimpeallacht luachmhar nádurtha a chosaint is a athbhunú.

Profiles bw7.jpg
Profiles bw5.jpg

Linda Lyne 

D'fhás Linda aníos le Páirc Náisiúnta Chill Airne agus an Coimín Dubh mar láithreacha spraoi aici, i dtreo is go bhfuil ceangal láidir aici leis an dúlra ó shin anall. Bhí Attenborough mar ionspráid aici agus í ag tabhairt faoina turasanna eachtraíochta dúlra ón Antartach go dtí Oileáin na Galapagos, sarar bhain sí céim Zó-eolaíochta amach. I measc a réimsí spéise taighde tá an eas luachra, an t-aon reiptíl dúchais in Éirinn.  

Aoibheann at rock art June 2021_edited.jpg

Aoibheann Lambe

An archaeologist, Aoibheann is particularly interested in the geoheritage of Iveragh - especially megalithic-era rock art and the prehistoric copper mines which are at the heart of the transition from the stone to the metal ages. She also loves forest mushrooms and the Kerry slug.

Calum Sweeney 

Calum has a master’s in Plant Taxonomy and Conservation from the Royal Botanic Gardens, Kew, and skills in field botany from around the world. He will be gathering knowledge on the flora of the Iveragh region - with a focus on the Spring and Autumn seasons - and make it available in a fun and interesting way to locals and visitors alike.

Calum Sweeney.jpg

Christina Walker

Although grown up nowhere near the coast in Germany, Christina has always been fascinated by whales and dolphins. Being a marine biologist with special interest in conservation and a passion for wildlife photography, she will be studying the marine mammals and other marine megafauna along the coast of the Iveragh peninsula. Finding ways to share that knowledge with the local community and visitors is her aim for the LIVE Project.

Christina.jpg
Leonie.jpg

Leonie Schulz

Leonie is an Environmental Social Scientist with research interests and employment history in sustainable/ responsible tourism, ecotourism, recreation ecology, visitor management in natural areas, and wildlife conservation. She has worked in different coastal and mountain areas as a tour guide and researcher, investigating novel visitor monitoring techniques and sustainable tourism management solutions. As part of LIVE, she will be looking at environmental and socio-cultural impacts of tourism on the two peninsulas.  Éirinn.  

Jane.jpg

Jane Sheenan

Jane is a wildlife biologist with a masters degree in Marine Biology from University College Cork and a keen interest in jellyfish. As part of LIVE, she will be researching Valentia’s own pioneer marine biologist Maude Delap and her contribution to 19th century jellyfish and plankton research. Jane also hopes to carry out her own plankton survey of the Iveragh Peninsula and begin developing a long-term dataset of plankton which will help give us a better understanding of our marine eco-systems.

Profiles bw1-2.jpg

Jonty Storey

Is maisitheoir, dearthóir agus grianghrafadóir é Jonty. Tá sé ina chónaí ar Pen Llŷn ar faidh 20 bliain anuas. Ag glacadh inspioráide óna thimpeallacht, chuidigh sé leis an mbrandáil nua don tionscadal LIVE a cheardú chomh maith le maisiú agus grianghraf a dhéanamh den áit a nglaonn sé abhaile air.

bottom of page