top of page

Fúinn

Aidhm ghinearálta LIVE (Llŷn IVeragh Eco-museums) ná ná pobail chois cósta a chumasú chun go mbeidh siad in ann bolscaireacht a dhéanamh ar a mbuanna nádúrtha agus cultúrtha, ag cruthú deiseanna timpeall ar an turasóireacht inmharthana, go háirithe lasmuigh de na príomh-shéasúir turasóireachta.

 

Bainfidh LIVE úsáid as múnla comhoibritheach margaíochta an éiceamhúsaeim chun réimse cumhachtach d'acmhainní digiteacha agus neamh-dhigiteacha don éiceathurasóireacht agus don turasóireacht oideachais a chruthú. Beidh na hacmhainní seo neartaithe ag eolas agus tuiscint faoi thimpeallachtaí áitiúla na leithinsí  Llŷn i Gwynedd agus Uíbh Ráthaigh i gCiarraí. Beidh an tionscadal ag tarraingt ar rath #Ecoamgueddfa atá bunaithe cheana féin ar leithinis Llŷn, ag baint tairbhe as taithí agus saineolas  a líonra d'eagrais phobail, pairtnéirí acadúla agus rialtais áitiúla. 

Cardigan-©-Illustration-2.jpg

Déanfaidh LIVE éascú ar fhorbairt tairgí turasóireachta inmharthana d'ardchaighdeán, tairgí a bheidh bonn curtha fútha ag eolas nua agus eolas atá ann cheana féin faoi thimpeallacht nádúrtha gach ceantar. 

Baileoidh na hollscoileanna agus pobail rannpháirteacha an t-eolas seo bunaithe ar théamaí a chuirfidh cuairteoirí agus áítreabhaigh araon spéis iontu, agus trí bhearnaí san eolas timpeallachta reatha a aithint. I measc na tairgí a d'fhéadfadh a bheith i gceist tá eispéiris timpeallachta nua nó feabhsaithe, tionscnaimh bainteach le heolaíocht saoránaigh agus le faire ar dhúlra, agus pleananna turais bunaithe ar áiteanna atá suimiúil ó thaobh cúrsaí timpeallachta. Tabharfar iad seo le chéile in aon bhranda a thabharfaidh féiniúlacht láidir do gach réigiún. Déanfar iad a phacáistiú mar réimse d'acmhainní meallacacha digiteacha agus neamh-dhigiteacha atá so-aimsithe.

Baineann LIVE úsáid as an múnla Éiceamhúsaeim de bhrandáil comhoibritheach pobal-bhunaithe ar ghnéithe nádúrtha áite. Anuas ar seo, déanfaidh an comhpháirtíocht éascú ar cheardlanna uasoiliúna agus cláir ambasadóra chun go mbeidh áitreabhaigh áitiúla in ann a bheith ina gcuid den straitéis mhargaíochta digití agus baint níos dlúithe a bheith acu lena dtimpeallacht agus a gcultúr áitiúil. 

chough-icon.png

Cé gur rud nua é múnla an Éiceamhúsaeim d'Uíbh Ráthach, ceanglaíonn sé isteach lena lán tionscnamh pobail atá ann cheana féin, ag tógáil orthu. Tá an #Ecoamgueddfa ag feidhmiú cheana féin sa Bhreatain Bheag, ach beidh LIVE ag cur leis seo trí fhócas nua ar an oidhreacht nádúrtha a chur leis an obair atá déanta ar an oidhreacht chultúrtha. Soláthróidh an tionscadal múnla d'fhorbairt bhreise amach anseo i bpobail cois cósta in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag, chomh maith le háiteanna eile nach iad. Trí choincheap an Éiceamhúsaeim a ghlacadh chuige, titeann LIVE isteach le pobail éagsúil idirnáisiúnta de thionscadail na turasóireachta a dhíríonn isteach ar thionscnaimh phobailbhunaithe, athghiniúnacha ón mbonn aníos a bhfuil sé i gceist acu ar fad féiniúlacht láidir a fhorbairt do na ceantair atá i gceist, féiniúlacht a bheidh siad in ann a úsáid chun cuairteoirí a mhealladh a fhanfaidh sa cheantar áitiúil, ag caitheamh a gcuid airgid ann. 

Tá páirt-mhaoiniú déanta ar LIVE ag clár comhoibrithe Éireann/na Breataine Bige agus rithfidh sé ar feadh trí bhliana (2020-2023). Mar thoradh ar an tionscadal beidh slí oibre ionchuimsitheach chomhoibritheach a bhaineann tairbhe as buanna agus acmhainní atá ann cheana féin is a ghníomhaíonn i dtreo timpeallachta sláintiúla agus pobal bisiúil i ngach réigiún. Cuirfidh sé ar chumas gach pobail a fhéiniúlacht ar leith féin a fhorbairt agus fad a chur lena shéasúr turasóireachta gan aon chomhghéilleadh maidir le hinmharthanacht timpeallachta ná sláinte agus sonas na n-áitreabhach. 

kayaka-icon.png

Roinn d'eachtra, eachtraígh do scéal.

Déan clibeáil orainn ar do thuras timpeall leithinsí Llŷn agus Uíbh Ráthaigh

bottom of page