top of page
Cad is Éiceamhúsaem ann?
Cad is Éiceamhúsaem ann?
Is é atá i gceist le héiceamhúsaem ná músaem atá dírithe ar fhéiniúlacht áite, bunaithe don gcuid is mó ar rannpháirtíocht áitiúil leis an chuspóir d'fhás a chur ar an ngéilleagar fad is atáthar ag an am céanna ag cur le leas agus forbairt pobal áitiúil. Tagraíonn sé go háirithe do thuiscint iomlánaíoch nua ar an oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha, seachas an fócas traidisiúnta a bhíonn ag gnáth-mhúsaeim ar nithe agus rudaí áirithe.
Tháinig éiceamhúsaeim ar an saol ar dtús sa Fhrainc sna 1970í. Faoi láthair tá breis agus 300 éiceamhúsaem ag feidhmiú ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha na Eorpa. Níl aon mhúnla ar leith d'éiceamhúsaem seachas go mbíonn an bhéim ar ómós áite acu ar fad.
bottom of page