top of page
inland-view.jpg

Smaoinigh roimh do Chuairt

Ba mhaith linn ár gcuid álainn seo den domhan a roinnt libhse agus leis na glúnta atá le teacht. Dá bhrí sin, tugaimid tacaíocht d’éiceathurasóireacht inbhuanaithe stuama a chabhraíonn an ceantar a athbheochan, agus tá súil againn go ndéanfaidh sibhse an rud céanna. Tógaigí nóiméad chun ‘Smaoinigh ar na Rudaí seo roimh do Chuairt’ a léamh ionas gur féidir libh bhur ról a imirt chomh maith.
Things to know before you go_GE.png
Is féidir libh é seo a íoslódáil mar fhísghrafaic áisiúil, mar PDF, táimid sásta má roinneann sibh é seo le bhur dteaghlach, bhur gcairde, cuairteoirí áitiúla nó turasóirí.
 
Más maith libh an fhísghrafaic seo i bhformáid eile, don idirlíon nó chun priontáil, téigí i dteagmháil linn le bhur dtoil, is féidir ár bhfoirm teagmhála a úsáid, nó ríomhphost a sheoladh chugainn ag live@ucc.ie

Tá an Togra LIVE páirteach i Ná Fág Lorg, clár eitice faoin aer atá deartha chun caitheamh aismire freagrach amuigh faoin aer a chur chun cinn agus a spreagadh, trí oideachas, taighde agus comhpháirtíochtaí. Bainistíonn daoine agus eagraíochtaí éagsúla cúrsaí caithimh aimsire amuigh faoin aer in Éirinn agus is ón talamh a shaothraíonn go leor acu a mbeatha. Táimid ar fad freagrach as meas a bheith againn ar ghníomhaíochtaí a chéile agus ar an tábhacht atá sa nádúr do gach éinne againn.

Leave No Trace Ireland Proud Member Stic

Tá clár na gCósta Glana ag obair le pobail chun cabhrú leo cosaint agus aire a thabhairt do bhealaí uisce, chladaigh, fharraigí, bheathra aigéin agus muirí na hÉireann, ag eagrú na gcéadta ócáidí glantacháin trá gach bliain, ag gríosadh na mílte oibrí deonacha agus ag baint go leor bruscair mhuirí de na cladaigh. Tá treoirlínte iontacha curtha ar fáil acu chun go bhféadfaimis taitneamh a bhaint as ár dtránna agus cladaigh áille, iad a cheiliúradh agus a chosaint.

clean-coasts-logo.jpg
bottom of page